Bob nó Bia!

Bhí atmaisféar iontach ar scoil inniu, leis an gclós maisithe agus na scoláirí gléasta ina gcréatúir scanrúla agus ina laochra draíochta, agus cístí blasta bácáilte acu chun féile na Samhna a cheiliúradh.

Tá Bua na Cainte ag GCPL

Táimid an-bhródúil as foirne díospóireachta na scoile a ghlac páirt sa chéad bhabhta de Dhíospóireachtaí Uí Chadhain i rith na seachtaine. Rinne an dá ghrúpa díospóireachtaí láidre faoin saol faoin tuath agus tábhacht ról Uachtaráin na hÉireann.

Ní cheapfá gurb é an chéad uair don bhfoireann sóisir páirt a ghlacadh sna díospóireachtaí leis an muinín a bhí acu agus iad ag labhairt os comhair slua. Tús maith leath na hoibre, mar a deirtear.

D’éirigh leis an bhfoireann sinsir cáiliú don gceathrú ceannais sa chomórtas i ndiadh dóibh díospóireacht iontach a dhéanamh i ndíospóireacht le hiomaíocht láidir ina gcoinne.

Comhghairdeas leis an dá fhoireann! Táimid ag tnúth le níos mó díospóireachta a fheiceáil uathu ar fad sa todhchaí, agus ag tnúth leis an gceathrú ceannais!

Peil na mBan 2025

Thosaigh na foirne sóisir agus sinsir an séasúr peile le dhá chluiche iontach in aghaidh Comeragh College. Bhí spiorad agus scileanna den scoth le feiceáil i measc na bhfoirne. Maith sibh, a chailíní! 

Bí Cineálta

Ta polasaí Bí Cineálta ag ár scoil chun stop a chur le hiompar bulaíochta. Beidh seachtain lán de ghníomhaíochtaí spraíúla againn sa scoil an tseachtain seo chun cairdeas agus cineáltas a chur chun cinn i measc scoláirí.