Laoch an Chamáin

Tréaslaíodh le laoch an chamáin Cormac De Spáinn sa scoil inniu. Bail ó Dhia ar an neart agus spiorad thar na bearta léirithe aige ar pháirc na himeartha i mbliana. Comhghairdeas ó Phobal Ghaelcholáiste Phort Láirge.

Gaeilge Bheo, Gaeilge Go Deo

Cuireadh saothar ealaíne le Megan Ní Ógáin, scoláire Bl.6, dar teideal Gaeilge Bheo, Gaeilge Go Deo ar taispeáint sa chlós ar scoil inniú. Íomhá dár scoláirí, fréamhaithe inár noireacht, cultúr agus teanga atá ann, iad gafa i mbun foghlama, bródúil agus spreagtha chun an Ghaeilge a chur chun cinn. Molann an scoil an tallann iontach atá aici.

Ócáid Cheiliúrtha Bl.6

Bhí oíche cheiliúrtha speisialta ag Gaelcholáiste Phort Láirge le déanaí chun slán a fhágáil le grúpa scoláirí Ardteistiméireachta na bliana seo. Bhailigh scoláirí, múinteoirí agus tuismitheoirí le chéile i Séipéal Naomh Muire i mBaile Gunnair chun an ócáid a cheiliúradh. Ba é an tAthair Edmond Cullinan a cheiliúraigh an tAifreann.

Bronnadh teastas agus an fáinne óir ar na scoláirí ar an oíche. Tugadh aitheantas do shaothar, díograis agus spiorad na scoláirí thar na blianta. Moladh an caidreamh a cruthaíodh eatarthu agus aithníodh an tacaíocht a fuair siad óna chéile agus óna múinteoirí.

Guíonn an scoil gach rath ar na scoláirí seo. Go n-éirí an bóthar leo i gcónaí.

Oíche Chéiliúrtha Bl.6, Séipéal Naomh Muire, Baile Gunnair, Bealtaine 2025.

Craobh Iomána Mionúr na hÉireann

Go n-éirí an t-ádh le Cormac De Spáinn, scoláire Ghaelcholáiste Phort Láirge, agus lena chomhimreoirí ar fhoireann Iomána Mionúr Phort Láirge i gCluiche Ceannais na hEireann ó phobal Ghaelcholáiste Phort Láirge, Baile Gunnair.

Bronnadh Gradam 2025

Bhí ócáid faoi leith i nGaelcholáiste Phort Láirge ag deireadh an téarma chun buaicphointí na bliana a cheiliúradh. Bronnadh gradaim aitheantais éagsúla ar scoláirí i ngach bliainghrúpa. Cuireadh ceolchoirm ar siúl agus uachtar reoite ar fáil chun gradaim gaisce na scoláirí a cheiliúradh.

Mol an óige agus tiocfaidh sí. Creidtear go láidir sa scoil go bhfuil sé tábhachtach sprid agus muinín na scoláirí a chothú. Bronnadh gradam do Scoláire na Bliana agus Gaeilgeoir na Bliana ar scoláire amháin i ngach rang. Chomh maith leis sin, bronnadh Gradaim Acadúla, Gradaim Aitheantais Speisialta agus Gradaim Bharr Feabhais ar scoláirí ar an lá.

Comhghairdeas ó chroí le cách. 

Gradam Gaisce

Bhain 12 Scoláire ón Idirbhliain amach an Gradam Gaisce Cré-Umha i gcaitheamh na seachtaine. Mar pháirt den nGradam Gaisce bhí orthu 25 Ciliméadar a shiúl ar Shléibhte na Comaraigh thar tréimhse dhá lá. Grúpa iontach a bhí iontu a thug tacaíocht dá chéile ar na sléibhte i gcónaí chun an Gradam a bhaint amach. Bhí deacrachtaí acu maidir leis an teas ar an dara lá ach ar deireadh d’éirigh leo 36 Ciliméadar ar an iomlán a shiúl. Maith sibh agus ná bíodh leisce oraibh tabhairt fén nGradam Airgid amach anseo!!!

Ceolchoirm Scoile

Ní fada uainn deireadh na bliana agus bhí ceolchoirm iontach ar scoil inniu agus an samhradh ag tarrac orainn. Míle buíochas dos na ceoltóirí ar fad a ghlac páirt!!