Tráth na gCeist sna Gaelscoileanna

Bhí an leathchraobh de Chomórtas Thráth na gCeist na nGaelscoileanna Rang 4, a bhíonn a reachtáil ag Scoláirí na hIdirbhliana, ar siúl inniu. Comhgháirdeachas leis na daltaí ar fad atá cáilithedon gCraobh agus táimid ag súil go mór le bualadh libh go luath. Míle buíochas Gaelscoil Philib Barún, Gaelscoil na nDéise agus Gaelscoil Phort Láirge.

Ceiliúradh na Gaeilge 2025

Hup a hAon, Dó, Trí!! Bhí Céilí faoin aer ar siúl sa scoil inniu mar pháirt de Cheiliúradh na Gaeilge 2025. Bhí na scoláirí ar fad ar a ndícheall ag rince!! Maith sibh!

Le Chéile is Fearr Sinn!!

Mar pháirt de Cheiliúradh na Gaeilge 2025 bhuail Meánscoil San Nioclás isteach chugainn inniu agus bhí roinnt ama ag na scoláirí i dteannta a chéile. Bhí Ceolchoirm iontach againn agus b’iontach an rud é Ceol Traidisiúnta na Rinne a chlos i mBaile Gunnair. Míle buíochas le Meánscoil San Nioclás!

CyberSafeKids

Bhuail CyberSafeKids isteach ar scoil chugainn ar an Mháirt, 25 Feabhra, chun caint a thabhairt ar shábháilteacht Idirlín sa scoil. D’fhoghlaim na scoláirí faoi chibearbhulaíocht, lorg digiteach, litearthacht dhigiteach agus sláinte dhigiteach.

Ceolchoirm Scoile na Nollag

Bhí ceolchoirm den scoth ar scoil inniu mar pháirt de Shéasúr an Chairdis agus an Dea-Thola 2024. Ár mbuíochas lenár múinteoir ceoil Bríd agus na ceoltóirí ar fad. Maith sibh!! Nollaig Sona agus Athbhliain faoi Mhaise do phobal uile na scoile!!

Scátáil Oighir

Bhí saol an mhada bháin ag scoláirí GCPL inniu!! Bhí an deis acu dul ag scátáil Oighir mar pháirt de Shéasúr an Chairdis agus an Dea-Thola.