
Craobh Iomána Mionúr na hÉireann
Bronnadh Gradam 2025
Bhí ócáid faoi leith i nGaelcholáiste Phort Láirge ag deireadh an téarma chun buaicphointí na bliana a cheiliúradh. Bronnadh gradaim aitheantais éagsúla ar scoláirí i ngach bliainghrúpa. Cuireadh ceolchoirm ar siúl agus uachtar reoite ar fáil chun gradaim gaisce na scoláirí a cheiliúradh.
Mol an óige agus tiocfaidh sí. Creidtear go láidir sa scoil go bhfuil sé tábhachtach sprid agus muinín na scoláirí a chothú. Bronnadh gradam do Scoláire na Bliana agus Gaeilgeoir na Bliana ar scoláire amháin i ngach rang. Chomh maith leis sin, bronnadh Gradaim Acadúla, Gradaim Aitheantais Speisialta agus Gradaim Bharr Feabhais ar scoláirí ar an lá.
Comhghairdeas ó chroí le cách.

Gradam Gaisce
Bhain 12 Scoláire ón Idirbhliain amach an Gradam Gaisce Cré-Umha i gcaitheamh na seachtaine. Mar pháirt den nGradam Gaisce bhí orthu 25 Ciliméadar a shiúl ar Shléibhte na Comaraigh thar tréimhse dhá lá. Grúpa iontach a bhí iontu a thug tacaíocht dá chéile ar na sléibhte i gcónaí chun an Gradam a bhaint amach. Bhí deacrachtaí acu maidir leis an teas ar an dara lá ach ar deireadh d’éirigh leo 36 Ciliméadar ar an iomlán a shiúl. Maith sibh agus ná bíodh leisce oraibh tabhairt fén nGradam Airgid amach anseo!!!








Ceolchoirm Scoile
Campa Samhraidh Glór na nDéise 2025
Tráth na gCeist na nGaelscoileanna
Ceiliúradh na Gaeilge
Bhí lá iontach ceoil againn ar scoil inniu chun críoch a chur le Ceiliúradh na Gaeilge 2023. Bhí sé i gceist againn ár gceolchoirm inscoile a bheith againn Dé Céadaoin seo caite ach bhí orainn é a chur siar de bharr na haimsire. Tá ardmholadh tuillte ag na scoláirí go mór mhór scoláirí ón 3ú Bliain a chan leagan iontach d’Amhrán na nGael.



































