Thánaig pobal an Ghaelcholáiste le chéile chun slán a fhágáil le Bliain 6 an Déardaoin seo caite le searmanas álainn ceolmhar i Séipéal Naomh Muire, Baile Gunnair. Ócáid ab ea é chun na blianta a chaith na scoláirí sa Ghaelcholáiste a cheiliúradh. Oíche iontach a bhí ann. Guíonn an scoil gach rath ar na scoláirí sna scrúduithe stáit agus sna blianta atá amach rompu.
































