

Scoláirí na hIdirbhliana ag baint sult as Phriosún Chill Mhaighneann san Ardchathair inniu.
Bhí foireann cispheile na gcailíní ón gcéad bhliain agus foireann ón dara bliain ag imirt sa chéad bhabhta de Shraith Chispheile an oirdheiscirt i gcoinne an Abbey inniu. Cé gur thug an chéad bhliain taispéantas iontach rith an lá leis an Abbey. D’éirigh leis an dara bliain an lámh in uachtar a fháil agus bhí bua iontach acu 24-12. Maith sibh a chailíní!


Tá Seachtain Dea-Thola faoi lán seoil le coicís anuas i nGaelcholáiste Phort Láirge agus scoláirí na scoile uilig páirteach i ngníomhaíochtaí dearfacha éagsúla na coicíse. Bhronn Scoláirí na hIdirbhliana duaiseanna ar na Scoláirí Shóisearacha inniu a bhuaigh an Tráth na gCeist agus an Tóraíocht Taisce i gcaitheamh na seachtaine.
