Author Archives: webadmin

Bratach na hÉireann ar Foluain

Bhí searmanas speisialta againn ar scoil inniu chun comóradh a dhéanamh ar an gcéad uair a chuir Thomas Francis Meagher Bratach na hÉireann ar foluain i gCathair Phort Láirge 175 bliain ó shin. Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil le Maebh Ní Dhíomáin a sheinn leagan álainn d’Amhrán na bhFiann ar na píopaí uillinn chun an ócáid a chomóradh.

Eochair Feasa Foghlaim

Ba chorraitheach an lá a bhí ag Maitiú, Ruán, Cameron agus Micheál inniu agus iad san iomaíocht i gCraobh na hÉireann den gComórtas Tráth na gCeist a bhí á reachtáil ag Feachtas. Bhíodar sa dara háit den chuid is mó den chomórtas ach thiteadar siar sa bhabhta deireanach. D’éirigh leo an Triú hÁit a bhaint amach ar deireadh. Tá éacht déanta agaibh a leaideanna agus tá pobal na scoile bródúil asaibh!!

YSI

Chuir daltaí na hIdirbhliana a dtionscadal “Plaisteach Aisteach” i láthair ar an stáitse “Labhair Amach” sa chraobh réigiúnach den gcomórtas YSI in Óstán Newpark i gCill Chainnigh inniu. Rinne siad iarracht iontach agus bhíomar ar fad bródúil astu.

Le chéile is fearr sinn!!

D’fhreastal Ranganna 4 ó Ghaelscoil Phort Láirge, Ghaelscoil Philib Barún, Ghaelscoil na nDéise agus Scoil Mhuire, Baile an Bhuitléirigh ar GCPL inniu agus ghlac siad páirt i dTráth na gCeist na mBunscoileanna a bhí á reachtáil ag Scoláirí na hIdirbhliana mar pháirt do Cheiliúradh na Gaeilge 2023. D’éirigh go hiontach leis an ócáid. Tháinig Pippa, Aisling, Ronan agus Shane ó Scoil Mhuire sa Triú hÁit, tháinig Ben, Siún, Colleen agus Taylor ó Scoil Mhuire sa Dara hÁit agus rith an lá le Jeff, Katie, David agus Archie ó Ghaelscoil na nDéise a tháinig sa Chéad Áit. Comhghairdeachas ó chroí libh ar fad!!!

“ARTifice” i gCaisleán an Leasa Mhóir

Eagraítear an taispéantas “ARTifice” i gCaisleán an Leasa Mhóir do scoláirí na hIdirbhliana ar fud Chontae Phort Láirge gach bliain. Ba mhór an phribhléid don Idirbhliain ó GCPL a bheith i láthair do sheoladh an taispeántais inniu. In ainneoin na drochaimsire bhain siad súp mór as an turas go dtí Gailearaí an Chaisleáin agus go hArdeaglais Chárthaigh. Tá súil acu go mbeidh deis acu cuairt a thabhairt ar gháirdíní an chaisleáin ar lá níos gile amach anseo.

Bratach na hÉireann

D’fhreastal ionadaithe ón scoil ar Bhronnadh na mBrat inné in SETU Arena. Bronnadh Bratach na hÉireann ar an scoil a bhí ar foluain cheana ag 33 An Meal, Port Láirge, mar chéiliúradh ar 175 bliain ó cuireadh Bratach na hÉireann ar foluain den chéad uair san áit céanna.

D’fhreastal an Taoiseach Leo Varadkar ar an searmanas chomh maith.

Bhailigh Cormac an brat ar son na scoile agus táimid ag tnúth go mór lenár gCeiliúradh féin an tseachtain seo chugainn ina mbeidh an brat á chur ar foluain againn anseo ar scoil.

Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil leis an bhFundúireacht Thomas F. Meagher as lá den scoth a eagrú dúinn!

Ceiliúradh na Gaeilge

Bhí Bricfeasta Ghaelach ag an Séú Bliain inniu chun tús a chur le Ceiliúradh na Gaeilge. Bhí an deis acu a scíth a ligean tar éis na réamhscrúdaithe agus caint agus comhrá a bheith acu i dteannta a chéile.