Author Archives: webadmin

Lá Traenála ag Comhairle na Scoláírí

Comhairle na Scoláirí a ghlac páirt i lá traenála le déanaí. Thug Meanscoil San Niocláis cuairt ar an scoil agus ghlacaadar son páirt ann chomh maith.

Bhain gach éinne sult as an lá agus níl aon dabht fé ach go rachaidh sé go mór chun tairbhe dóibh.

Ba mhaith linn ár mbuiochas a ghabháíl le Rob (an traenálaí) agus na múinteoirí a bhí páirteach sa lá Róisín Nic an Tuile (GCPL) agus Darren Ó Droma (MSN).

Inis Mór 2019

Bhí seachtain iontach ag lucht na hIdirbhliana ar Inis Mór an tseachtain deireanach de mhí Méan Fhómhair. Chaith siad an tseachtain ag siúl, ag rothaíocht, ag snámh, ag caint agus ag cómhrá as Gaeilge. Thug siad cuairt ar Dhún Aonghasa, Poll na bPéist agus ar thrá Chill Mhuirbhigh. Bhain gach duine an-taitneamh as an turas. Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil leis na múinteoirí Cionnaith agus Aisling a chaith an tseachtain i bhfochair leo.

Ceolchoirm Ghaelcholáiste Phort Láirge

Ard-oíche cheoil agus chultúrtha a bhí ann in Óstán an Woodlands ag scoláirí, tuismitheoirí, múinteoirí agus pobal Ghaelcholáiste Phort Láirge ar an Déardaoin, 11/04/19. Comórtas na sinsear agus comórtas na sóisear a bhí sa seó tallainne. Ceol den scoth a léiríodh ar an stáitse ar an oíche. Amhráin as Gaeilge, nua-aimseartha agus sean nós chomh maith le rince Gaelach agus aithris filíochta a bhí le cloisint ar an oíche. Comhghairdeas le Caoimhín Ó Miacháin a bhuaigh comórtas na sinsear, Bernadette Maria Royo a bhuaigh comórtas na sóisear, Tigerlily Nic Eochagáin  a bhuaigh an gradam cultúrtha agus gach scoláire eile a ghlac páirt ar an oíche.

Tráth na gCeist 2019

Comhgháirdeas le daltaí Gaelscoil Phort láirge a bhuaigh tráth na gceist a d’eagraigh daltaí Bl.4 le déanaí. Ghlac sé scoil páirt sa Tráth na gCeist agus níos mó ná 130 dalta.

Mol an óige agus tiocfaidh sí.

SnaG 2019 – Is Fearr Gaeilge Bhriste ná Béarla Cliste!

Bhi Seachtain nó coicís thar a bheith rathúil agus gníomhach sa Ghaelcholáiste le cúpla seachtain anuas. Bhí imeachtaí laethúla ar siúl ina measc Céilithe, tráth na gCeist, ceol ag am lóin agus comórtas póstaer. Bhí ceardlann scríbhneoireachta ag bl.4, bl.5 agus bl.6 leis an scríbhneoir iomráiteach Ré Ó Laighléis, agus bhí daltaí na scoile le clos ar ‘The Big Breakfast Blaa (WLRFM) le Mary agus Ollie. Ina theannta san sheinn ceoltóirí na scoile ag ceolchoirm a d’eagraigh W.I.T le linn SnaG agus bhí deis labhartha ag na daltaí le Irial Ó Ceallaigh (Oifigeach Pleanáil Teanga sna Déise),Peter Kavanagh (An Comhaontas Glas), Niamh Ní Chróinín (Bainisteoir Raidió Rí Rá),Mícheál Ó Coileáin (Oifigeach Forbartha Gaeilge an HSE),Eoin Breathnach (CLG Phort Láirge),Pól Ó Finn (Conradh na Gaeilge) faoina nGairmeacha le Gaeilge.  Ar an gceadaoin thug Donnchadh Ó Ceallacháin (Staraí) turas treoraithe timpeall an mhúsaeim do dhaltaí na hIdirbhliana.

Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil le WLRFM, Ré Ó Laighléis, Seamus Ó Diollún (W.I.T), Donncha Ó Ceallacháin (Musaem), Máire Seo Breathnach (Comhairle Cathrach & Contae Phort Láirge), daltaí na hIdirbhliana agus Múinteoirí na scoile. ‘Ní neart go cur le chéile’.

Teastas Molta

2019

Daltaí na Scoile a ghnóthaigh teastas molta le déanaí

Márta 2019

Feabhra 2019

Daltaí na Scoile a ghnóthaigh teastas molta le déanaí

 

 

2018

Daltaí na Scoile a ghnóthaigh teastas molta le déanaí.