Author Archives: webadmin

Le Chéile is Fearr Sinn!!

Mar pháirt de Cheiliúradh na Gaeilge 2025 bhuail Meánscoil San Nioclás isteach chugainn inniu agus bhí roinnt ama ag na scoláirí i dteannta a chéile. Bhí Ceolchoirm iontach againn agus b’iontach an rud é Ceol Traidisiúnta na Rinne a chlos i mBaile Gunnair. Míle buíochas le Meánscoil San Nioclás!

CyberSafeKids

Bhuail CyberSafeKids isteach ar scoil chugainn ar an Mháirt, 25 Feabhra, chun caint a thabhairt ar shábháilteacht Idirlín sa scoil. D’fhoghlaim na scoláirí faoi chibearbhulaíocht, lorg digiteach, litearthacht dhigiteach agus sláinte dhigiteach.

Ceolchoirm Scoile na Nollag

Bhí ceolchoirm den scoth ar scoil inniu mar pháirt de Shéasúr an Chairdis agus an Dea-Thola 2024. Ár mbuíochas lenár múinteoir ceoil Bríd agus na ceoltóirí ar fad. Maith sibh!! Nollaig Sona agus Athbhliain faoi Mhaise do phobal uile na scoile!!

Comórtas Scléip

Comhghairdeachas ó chroí lenár gceoltóirí a ghlac páirt i gcomórtas Scléip inniu. Thugabhair taispéantas iontach agus táimid fíor-bhródúil asaibh! Beidh Cór na Scoile, Banna ceoil ó Bhl 2 agus Scoláire ón 6ú Bl ag dul ar aghaidh go Craobh na hÉireann. Mo cheol sibh!!!

Comórtas Díospóireachta Uí Chadhain

Ghlac Fóirne Díospóireachta na Scoile páirt i nDíospóireachtaí Uí Chadhain le déanaí. Léirigh chuile scoláire bua na cainte agus scileanna díospóireachta iontacha. Bhí babhta díospóireachta den scoth ag ár bhfoireann sinsir sa chéad bhabhta agus cé go raibh mí-ádh ceart leo beidh Lá eile ag an bPaorach. Fuair siad ardmholadh ós na moltóirí agus bhí sé tuillte go maith acu. Rith an lá lenár bhfoireann sóisir ar an gcéad lá agus chuaigh siad ar aghaidh go dtí an chéad bhabhta eile a bhí ar siúl aréir. Cé nár éirigh leo ar an oíche bhíodar gob ar ghob leis na fóirne eile agus bhí mí-ádh leo ar an oíche. Níor ghlac aon bhall den fhoireann páirt i ndíospóireacht riamh roimhe seo ach cheapfá go raibh taithí na mblianta acu ar fad!! Bhí obair na gcapall déanta ag an dá fhoireann le tamall anuas agus tá ardmholadh tuillte acu. Táimid fíor-bhródúil astu anseo sa Ghaelcholáiste!!