Author Archives: webadmin

Bronnadh Gradam 2025

Bhí ócáid faoi leith i nGaelcholáiste Phort Láirge ag deireadh an téarma chun buaicphointí na bliana a cheiliúradh. Bronnadh gradaim aitheantais éagsúla ar scoláirí i ngach bliainghrúpa. Cuireadh ceolchoirm ar siúl agus uachtar reoite ar fáil chun gradaim gaisce na scoláirí a cheiliúradh.

Mol an óige agus tiocfaidh sí. Creidtear go láidir sa scoil go bhfuil sé tábhachtach sprid agus muinín na scoláirí a chothú. Bronnadh gradam do Scoláire na Bliana agus Gaeilgeoir na Bliana ar scoláire amháin i ngach rang. Chomh maith leis sin, bronnadh Gradaim Acadúla, Gradaim Aitheantais Speisialta agus Gradaim Bharr Feabhais ar scoláirí ar an lá.

Comhghairdeas ó chroí le cách. 

Gradam Gaisce

Bhain 12 Scoláire ón Idirbhliain amach an Gradam Gaisce Cré-Umha i gcaitheamh na seachtaine. Mar pháirt den nGradam Gaisce bhí orthu 25 Ciliméadar a shiúl ar Shléibhte na Comaraigh thar tréimhse dhá lá. Grúpa iontach a bhí iontu a thug tacaíocht dá chéile ar na sléibhte i gcónaí chun an Gradam a bhaint amach. Bhí deacrachtaí acu maidir leis an teas ar an dara lá ach ar deireadh d’éirigh leo 36 Ciliméadar ar an iomlán a shiúl. Maith sibh agus ná bíodh leisce oraibh tabhairt fén nGradam Airgid amach anseo!!!

Ceolchoirm Scoile

Ní fada uainn deireadh na bliana agus bhí ceolchoirm iontach ar scoil inniu agus an samhradh ag tarrac orainn. Míle buíochas dos na ceoltóirí ar fad a ghlac páirt!!

Tráth na gCeist na nGaelscoileanna

Míle buíochas le Rang 4 ós na Gaelscoileanna áitiúla a bhuail isteach chugainn maidin inné do Chraobh Thráth na gCeist na nGaelscoileanna. Bhí maidin iontach againn i gcomhluadar a chéile. Rith an lá le Gaelscoil na nDéise ar deireadh!! Comhghairdeachas libh!!

Ceiliúradh na Gaeilge

Bhí lá iontach ceoil againn ar scoil inniu chun críoch a chur le Ceiliúradh na Gaeilge 2023. Bhí sé i gceist againn ár gceolchoirm inscoile a bheith againn Dé Céadaoin seo caite ach bhí orainn é a chur siar de bharr na haimsire. Tá ardmholadh tuillte ag na scoláirí go mór mhór scoláirí ón 3ú Bliain a chan leagan iontach d’Amhrán na nGael.

Ionad Oideachais Shielbeggan

Lá dochreidte lán d’eachtraíocht, cluichí fóirne agus sprao in Ionad Oideachais Shielbaggan i Loch Garman inniu. Thug ár ndaltaí i mbliain a haon faoin dúshlán, thug siad tacaíocht dá chéile agus chruthaigh siad cimhní iontacha. Ag tnúth le cairdeas nua agus eispéiris nua!

Tráth na gCeist i mBunscoil Naomh Mhuire

Thug Scoláirí na hIdirbhliana cuairt ar Bhunscoil Naomh Mhuire ar maidin agus cuireadh fáilte Uí Cheallaigh rompu. Bhí siad ag reachtáíl Tráth na gCeist leis na daltaí i Rang 4 mar pháirt de Cheiliúradh na Gaeilge 2025. Míle buíochas libh ar fad agus comhghairdeachas leis na buaiteoirí!

Tráth na gCeist sna Gaelscoileanna

Bhí an leathchraobh de Chomórtas Thráth na gCeist na nGaelscoileanna Rang 4, a bhíonn a reachtáil ag Scoláirí na hIdirbhliana, ar siúl inniu. Comhgháirdeachas leis na daltaí ar fad atá cáilithedon gCraobh agus táimid ag súil go mór le bualadh libh go luath. Míle buíochas Gaelscoil Philib Barún, Gaelscoil na nDéise agus Gaelscoil Phort Láirge.