Bhí seachtain iontach ag lucht na hIdirbhliana ar Inis Mór an tseachtain deireanach de mhí Méan Fhómhair. Chaith siad an tseachtain ag siúl, ag rothaíocht, ag snámh, ag caint agus ag cómhrá as Gaeilge. Thug siad cuairt ar Dhún Aonghasa, Poll na bPéist agus ar thrá Chill Mhuirbhigh. Bhain gach duine an-taitneamh as an turas. Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil leis na múinteoirí Cionnaith agus Aisling a chaith an tseachtain i bhfochair leo.
Category Archives: Uncategorized
Hand On Heart
Ceolchoirm Ghaelcholáiste Phort Láirge
Ard-oíche cheoil agus chultúrtha a bhí ann in Óstán an Woodlands ag scoláirí, tuismitheoirí, múinteoirí agus pobal Ghaelcholáiste Phort Láirge ar an Déardaoin, 11/04/19. Comórtas na sinsear agus comórtas na sóisear a bhí sa seó tallainne. Ceol den scoth a léiríodh ar an stáitse ar an oíche. Amhráin as Gaeilge, nua-aimseartha agus sean nós chomh maith le rince Gaelach agus aithris filíochta a bhí le cloisint ar an oíche. Comhghairdeas le Caoimhín Ó Miacháin a bhuaigh comórtas na sinsear, Bernadette Maria Royo a bhuaigh comórtas na sóisear, Tigerlily Nic Eochagáin a bhuaigh an gradam cultúrtha agus gach scoláire eile a ghlac páirt ar an oíche.
Tráth na gCeist 2019
Beidh lá eile ag an bPaorach.
Foireann chispheile na gcailíní a chaill a gcluiche leathcheannais le déanai.
SnaG 2019 – Is Fearr Gaeilge Bhriste ná Béarla Cliste!
Bhi Seachtain nó coicís thar a bheith rathúil agus gníomhach sa Ghaelcholáiste le cúpla seachtain anuas. Bhí imeachtaí laethúla ar siúl ina measc Céilithe, tráth na gCeist, ceol ag am lóin agus comórtas póstaer. Bhí ceardlann scríbhneoireachta ag bl.4, bl.5 agus bl.6 leis an scríbhneoir iomráiteach Ré Ó Laighléis, agus bhí daltaí na scoile le clos ar ‘The Big Breakfast Blaa (WLRFM) le Mary agus Ollie. Ina theannta san sheinn ceoltóirí na scoile ag ceolchoirm a d’eagraigh W.I.T le linn SnaG agus bhí deis labhartha ag na daltaí le Irial Ó Ceallaigh (Oifigeach Pleanáil Teanga sna Déise),Peter Kavanagh (An Comhaontas Glas), Niamh Ní Chróinín (Bainisteoir Raidió Rí Rá),Mícheál Ó Coileáin (Oifigeach Forbartha Gaeilge an HSE),Eoin Breathnach (CLG Phort Láirge),Pól Ó Finn (Conradh na Gaeilge) faoina nGairmeacha le Gaeilge. Ar an gceadaoin thug Donnchadh Ó Ceallacháin (Staraí) turas treoraithe timpeall an mhúsaeim do dhaltaí na hIdirbhliana.
Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil le WLRFM, Ré Ó Laighléis, Seamus Ó Diollún (W.I.T), Donncha Ó Ceallacháin (Musaem), Máire Seo Breathnach (Comhairle Cathrach & Contae Phort Láirge), daltaí na hIdirbhliana agus Múinteoirí na scoile. ‘Ní neart go cur le chéile’.









Eolaí Óg 2019
Gaeilgeoirí na míosa – Nollaig 2018
Teastas Molta
2019
Daltaí na Scoile a ghnóthaigh teastas molta le déanaí
Márta 2019
Feabhra 2019
Daltaí na Scoile a ghnóthaigh teastas molta le déanaí
2018

















