“ARTifice” i gCaisleán an Leasa Mhóir

Eagraítear an taispéantas “ARTifice” i gCaisleán an Leasa Mhóir do scoláirí na hIdirbhliana ar fud Chontae Phort Láirge gach bliain. Ba mhór an phribhléid don Idirbhliain ó GCPL a bheith i láthair do sheoladh an taispeántais inniu. In ainneoin na drochaimsire bhain siad súp mór as an turas go dtí Gailearaí an Chaisleáin agus go hArdeaglais Chárthaigh. Tá súil acu go mbeidh deis acu cuairt a thabhairt ar gháirdíní an chaisleáin ar lá níos gile amach anseo.

Bratach na hÉireann

D’fhreastal ionadaithe ón scoil ar Bhronnadh na mBrat inné in SETU Arena. Bronnadh Bratach na hÉireann ar an scoil a bhí ar foluain cheana ag 33 An Meal, Port Láirge, mar chéiliúradh ar 175 bliain ó cuireadh Bratach na hÉireann ar foluain den chéad uair san áit céanna.

D’fhreastal an Taoiseach Leo Varadkar ar an searmanas chomh maith.

Bhailigh Cormac an brat ar son na scoile agus táimid ag tnúth go mór lenár gCeiliúradh féin an tseachtain seo chugainn ina mbeidh an brat á chur ar foluain againn anseo ar scoil.

Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil leis an bhFundúireacht Thomas F. Meagher as lá den scoth a eagrú dúinn!

Ceiliúradh na Gaeilge

Bhí Bricfeasta Ghaelach ag an Séú Bliain inniu chun tús a chur le Ceiliúradh na Gaeilge. Bhí an deis acu a scíth a ligean tar éis na réamhscrúdaithe agus caint agus comhrá a bheith acu i dteannta a chéile.

Comhgháirdeachas

Comhgháirdeachas ó chroí le Sarah, Erica agus Alex a ghnóthaigh Gradam Molta i gComórtas Eolaí Óg 2023!! Táimid ar fad bródúil as ár nEolaithe Óga i nGaelcholáiste Phort Láirge. Mar a deir an seanfhocal “Molann an obair an fear.” Maith sibh!!

Cispheil

Bhí foireann cispheile na gcailíní ón gcéad bhliain agus foireann ón dara bliain ag imirt sa chéad bhabhta de Shraith Chispheile an oirdheiscirt i gcoinne an Abbey inniu. Cé gur thug an chéad bhliain taispéantas iontach rith an lá leis an Abbey. D’éirigh leis an dara bliain an lámh in uachtar a fháil agus bhí bua iontach acu 24-12. Maith sibh a chailíní!