Bhuail ár nEolaithe Óga leis an Taoiseach i gcaitheamh na seachtaine. Bhí sé tógtha lena gcuid oibre agus an suim a léirigh siad i gcreimeadh cósta agus conas ár gcósta a chosaint. Táimid ar fad bródúil asaibh!!

Tá Seachtain Dea-Thola faoi lán seoil le coicís anuas i nGaelcholáiste Phort Láirge agus scoláirí na scoile uilig páirteach i ngníomhaíochtaí dearfacha éagsúla na coicíse. Bhronn Scoláirí na hIdirbhliana duaiseanna ar na Scoláirí Shóisearacha inniu a bhuaigh an Tráth na gCeist agus an Tóraíocht Taisce i gcaitheamh na seachtaine.

Caoilfhinn Níc Airt agus a máthair ag an mbronnadh Gradam Scoláireachtaí Sármhaitheasa a bhí ar síul in Ollscoil na Gaillimhe le déanaí. Is iar-scoláire GCPL í Caoilfhinn agus bronnadh an gradam seo uirthi mar aitheantas ar a cuid éachtaí acadúla sa Ardteist 2021. Tá Caoilfhinn ina mac léinn ar an Eolaíocht in UCG agus í faoi bhláth agus ag baint lán sult as an saol ann. Comhghairdeas léi.
Caoilfhinn Nic Airt and her mother at the Scholarship of Excellence presentation at National University College Galway. Caoilfhinn is a former student of GCPL and she was presented this award in recognition of her academic achievement in the 2021 Leaving Certificate. Caoilfhinn is currently studying Science in NUIG where she is thriving and loving her chosen course. Comhghairdeas léi.
