Ghlac scoláirí agus múinteoirí páirt i “Seas an Fód 2022”. Seachtain Fheasachta a bhí ann ar imeascadh an phobal LGBTQIA+ agus conas dul i ngleic le cúrsaí bulaíochta agus leithcheal a fhulaingíonn siad fós. Tá ardmholadh tuillte ag na scoláirí as an obair dhícheallach agus an meon dearfach a léirigh siad i rith na seachtaine!
Bhí seachtain iontach ag an 5ú Bliain agus scoláirí na hIdirbhliana agus agus iad i mbun gníomhaíochtaí éagsúla i gColáiste Uisce roimh laethanta saoire na Samhna.
Comhghairdeachas le Micheál, Ruán, Maitiú agus Cameron a bhuaigh an babhta áitiúil den Tráth na gCeist a bhíonn á rith ag Feachtas agus beidh siad ag dul ar aghaidh go Craobh na hÉireann tar éis na Nollag. Maith sibh a bhuachaillí agus go n-éirí libh sa chraobh!!!
Bhí lá iontach ag scoláirí BL.3 i Shielbaggan ar an 05 Deireadh Fómhair 2022. Chaith na scoláirí an lá i gcomhluadar a chéile, i mbun gníomhaíochtaí eachtraíochta, ag baint súp agus sásamh as an saol!