Lá na n-Éadaí Glasa

Bailíodh breis agus €100 inniu don Children’s Health Foundation. Buíochas le gach scoláire a ghléas in éadaí glasa agus a dheonaigh airgead. Beannachtaí na Féile Pádraig oraibh go léir.

Craobh Scléip Gael Linn 2026

Comhghairdeas le scoláire Bhl.2 a ghlac páirt i gCraobh Scléip Gael Linn le déanaí. D’éirigh thar barr leo ar fad. Beidh deis eile ceolteoirí agus banna ceoil Bhl.2 a fheiscint ar stáitse ag seó tallainne na scoile a bheidh ar siúl i Wama ar an Déardaoin, 19 Márta 2026, ag19:30. Bígí linn!

Féach ar bhanna ceoil GCPL ó 3 uair 32 nóiméad ar aghaidh.

Craobh Scléip Gael Linn 2026

Féach ar cheoltóirí GCPL ó 6 nóiméad 18 soicind ar aghaidh.

Craobh Scléip 2026 – The Space

Scátáil Oighir

Bhí scoláirí agus múinteoirí ar ais ar an oighear tráthnóna, ag baint súp agus spraoi as an scátáil. Is traidisiún seanbhunaithe sa scoil é an lá scátála seo, a chuireann gliondar ar gach duine.

Craobh na hÉireann

Agus ar aghaidh linn go Craobh na hÉireann!!! Nach iontach an rud bua na cainte!!! Thug ár bhfoireann shinsir díospóireachta taispéantas stairiúil trathnóna agus beidh siad ag dul ar aghaidh go Craobh na hÉireann anois. Táimid, mar phobal scoile, chomh bródúil asaibh agus guimíd gach rath oraibh sa chraobh. GCPL ABÚ!!!

Scléip

Comhghairdeas le gach scoláire a ghlac páirt i réamhbhabhta chomórtas tallaine Scléip Gael Linn ag deireadh mí na Samhna. Ádh mór ar scoláirí Bhl.2 a ghlacfaidh páirt i gcraobh na hÉireann den chomórtas i mBaile Átha Cliath i mí Feabhra 2026.