Ceolchoirm Scoile na Nollag

Bhí ceolchoirm den scoth ar scoil inniu mar pháirt de Shéasúr an Chairdis agus an Dea-Thola 2024. Ár mbuíochas lenár múinteoir ceoil Bríd agus na ceoltóirí ar fad. Maith sibh!! Nollaig Sona agus Athbhliain faoi Mhaise do phobal uile na scoile!!

Scátáil Oighir

Bhí saol an mhada bháin ag scoláirí GCPL inniu!! Bhí an deis acu dul ag scátáil Oighir mar pháirt de Shéasúr an Chairdis agus an Dea-Thola.

Comórtas Scléip

Comhghairdeachas ó chroí lenár gceoltóirí a ghlac páirt i gcomórtas Scléip inniu. Thugabhair taispéantas iontach agus táimid fíor-bhródúil asaibh! Beidh Cór na Scoile, Banna ceoil ó Bhl 2 agus Scoláire ón 6ú Bl ag dul ar aghaidh go Craobh na hÉireann. Mo cheol sibh!!!

Comórtas Díospóireachta Uí Chadhain

Ghlac Fóirne Díospóireachta na Scoile páirt i nDíospóireachtaí Uí Chadhain le déanaí. Léirigh chuile scoláire bua na cainte agus scileanna díospóireachta iontacha. Bhí babhta díospóireachta den scoth ag ár bhfoireann sinsir sa chéad bhabhta agus cé go raibh mí-ádh ceart leo beidh Lá eile ag an bPaorach. Fuair siad ardmholadh ós na moltóirí agus bhí sé tuillte go maith acu. Rith an lá lenár bhfoireann sóisir ar an gcéad lá agus chuaigh siad ar aghaidh go dtí an chéad bhabhta eile a bhí ar siúl aréir. Cé nár éirigh leo ar an oíche bhíodar gob ar ghob leis na fóirne eile agus bhí mí-ádh leo ar an oíche. Níor ghlac aon bhall den fhoireann páirt i ndíospóireacht riamh roimhe seo ach cheapfá go raibh taithí na mblianta acu ar fad!! Bhí obair na gcapall déanta ag an dá fhoireann le tamall anuas agus tá ardmholadh tuillte acu. Táimid fíor-bhródúil astu anseo sa Ghaelcholáiste!!

Feachtas

Comhgháirdeachas leis na scoláirí ar fad a ghlac páirt i gComórtas Thráth na gCeist a bhíonn á reachtáil ag Feachtas i gcaitheamh na Seachtaine. Don tríú bliain as a chéile beidh foireann ó GCPL ag dul ar aghaidh go Craobh na hÉireann. Go n-éirí libh anois sa chraobh!!!

Lá Oscailte

Bhailigh na daltaí ar fad ó Rang 6 sna Gaelscoileanna áitiúla le chéile sa scoil inné chun blaise beag den nGaelcholáiste a fháil. Bhí sé deas bualadh leo ar fad agus tá súil againn go gcasfar le chéile sinn arís go luath!!