Le Chéile is Fearr Sinn!

Tháinig Gaelcholáiste na Mara, Coláiste Pobail Osraí, Gaelcholáiste Cheatharlach agus Gaelcholáiste Phort Láirge le chéile i gCeatharlach inniu chun aghaidh a thabhairt ar a chéile i gcluichí sacair, cispheile, ultimate frisbee agus roinnt cluichí eile.

Gleann Áine

Bhí lá iontach ag Scoláirí na hIdirbhliana i nGleann Áine inniu agus ní raibh an aimsir ró-olc ach an oiread. An rud is annamh is iontach!!

Bronnadh Gradam 2024

Mol an óige agus tiocfaidh sí. Tá deireadh na scoilbhliana buailte le Gaelcholáiste Phort Láirge. Bhí ócáid faoi leith ag an scoil i Séipéal Naomh Muire, Baile Gunnair agus ceolchoirm ar scoil chun imeachtaí na bliana a cheiliúradh. Bronnadh gradaim aitheantais éagsúla ar scoláirí i ngach bliainghrúpa.

Aithnítear sa scoil go bhfuil tábhacht faoi leith ag baint le hardú meanman agus misnigh agus tuigtear go maith go bhfuil aitheantas faoi leith tuillte ag cuid mhaith scoláirí.



Bronnadh gradam do Ghaeilgeoir na Bliana ar scoláire amháin i ngach rang agus bronnadh gradam do Scoláire na Bliana ar scoláire amháin i ngach rang. Chomh maith leis sin, bronnadh Gradaim Lán-Tinreamh, Gradaim Acadúla agus Gradaim Aitheantais Speisialta ar scoláirí ar an lá.

Comhghairdeachas le gach scoláire. 

Slán le Bl 6

Bhí Ócáid Cheiliúrtha againn aréir agus bhí orainn slán a fhágáil le Bl 6. Scoláirí iontacha agus go n-éirí leo anois san Ardteist agus sa saol taobh amuigh do gheataí na scoile!!

Slán le Bl 4

Ní bhíonn in aon rud ach seal agus tháinig deireadh leis an mbliain scoile do scoláirí na hIdirbhliana 2024 inniu. Bhí bliain den scoth againn i dteannta a chéile agus is scoláirí iontacha iad ar fad. Míle buíochas as ucht bhur gcomhoibriú i gcaitheamh na bliana agus go n-éirí libh anois agus sibh ag tabhairt faoin 5ú Bl. Bíodh samhradh iontach agaibh ar fad!!

Gradam Óir Microsoft Bl 4

Gaisce eile bainte amach ag scoláirí Bl 4 i mbliana. Bronnadh Gradam Óir orthu in Oifií Microsoft i mBaile Átha Cliath de bharr a gcuid oibre le Microsoft DreamSpace i gcaitheamh na bliana!!! Éacht iontach eile!!