Craobh an Chontae

Gaelcholáiste Phort Láirge 4-05 Ardscoil na Mara 1-11. Comhgháirdeachas ó chroí lenár mbuachaillí a bhuaigh Craobh an Chontae trathnóna. Tá foireann na scoile imithe ó neart go neart ó thús na bliana agus tá sé seo tuillte go maith acu. Bíonn dea-thoradh ar obair chrua!! Bainigí sásamh as an gceiliúradh!!

Bl 4 i gCorcaigh

Bhí saol an mhada bháin ag scoláirí na hIdirbhliana i gCorcaigh le dhá lá anuas. Bhí an deis acu cuairt a thabhairt ar “The Titanic Experience” agus Oileán Spíce i gCóbh agus Priosún na Cathrach sa chathair. Tá obair na gcapall déanta acu go dtí seo i mbliana agus bhí an sos tuillte go maith acu

Scoláire GCPL sna Meáin Náisiúnta!

Scoláire GCPL san Irish Independent inniu agus í ag prapáil don gCraobh Náisiúnta i gCómortas Fiontraíochta na Scoileanna a bheidh ar siúl an tseachtain seo chugainn. Go n-éirí leat agus táimid ar fad bródúil asat!!

Seó Tallainne Márta 2024

Buaicphointí na hOíche

Bhí oíche iontach Ceoil agus Drámaíochta againn I nGaelscoil Philib Barún ar le déanaímar pháirt de cheiliúradh na Gaeilge 2024. Bhí tallainn faoi leith i measc na scoláirí a chuaigh ar stáitse i rith na hoíche.  Ár mbuíochas le Gaelscoil Philib Barún, na scoláirí a ghlac páirt, na tuismitheoirí agus na múinteoirí a d’eagraigh an oíche.

Bricfeasta Ghaelach

Bhí maidin iontach lán de chaint agus de chuideachta ag Bl 5 agus 6 i gcaitheamh na seachtaine agus iad i mbun cócaireachta mar pháirt de Cheiliúradh na Gaeilge 2024.

Tráth na gCeist Bóird

Bhí scoláirí ó rang 4 inár measc inniu agus iad i mbun Tráth na gCeist Bóird a bhí eagraithe ag scoláirí na hIdirbhliana mar pháirt de Cheiliúradh na Gaeilge. Ár mbuíochas le Gaelscoil Phort Láirge, Gaelscoil na nDéise, Gaelscoil Philib Barún agus Bunscoil Baile an Bhuitléirigh as ucht páirt a ghlacadh sa chomórtas. Rith an lá le Bunscoil Baile an Bhuitléirigh a tháinig sa chéad agus sa dara háit agus tháinig Gaelscoil Phort Láirge sa tríú háit. Comhghairdeachas ó chroí libh ar fad!