Slán fágtha ag Bl.6 le Gaelcholáiste Phort Láirge

Tháinig daltaí na hArdteiste agus foireann na scoile le chéile agus scaradh sóisialta i bhfeidhm an Aoine seo caite. Bronnadh scoláire na Bliana ar Liam Óg Ó Cuidithe. Bíonn dea-thoradh ar obair chrua agus guímid gach rath, ádh agus misneach ar an ngrúpa amach anseo. Braithimid uainn go mór iad.