An té nach gcuireann san earrach ní bhaineann sé san fhómhar

D’éirigh le scoláirí Idirbhliana 19/20 an fómhar a bhaint in ainneoin na ndúshlán a bhí orthu a shárú. Réab stoirm Dennis i Mí Feabhra agus leag sé an polathollán a bhí tógtha ag na scoláirí díreach sular dhún an scoil i lár Mhí an Mhárta. Buíochas le múinteoir Cláir, Síle agus Leo Mac Suibhne a mhúin na scileanna fad saoil seo do na scoláirí.