Author Archives: LPOGCPL

Slán fágtha ag Bl.6 le Gaelcholáiste Phort Láirge

Tháinig daltaí na hArdteiste agus foireann na scoile le chéile ag deireadh na bliana le slán a fhágail lena chéile. Bronnadh scoláire na Bliana ar Sian Ní Fhoghlú. Ba mhaith linn buíochas a ghabháil lenár múinteoir ceoil, Bríd Ní Chuirtín as ucht a cuid oibre go léir ar lá. Bíonn dea-thoradh ar obair chrua agus guímid gach rath, ádh agus misneach ar an ngrúpa amach anseo. Braithimid uainn go mór iad.

Faoi Lán Seoil

Guímid gach rath ar daltaí na scoile idir seo agus laethanta saoire an tsamhraidh. Bhí sé go hiontach daltaí bl.1, 2, 3 agus 4 a fheisicint ar maidin. Uireasa a mhéadaíonn cumha.

Sábháilteacht ar líne

Mar is eol do phobal na scoile tá an t-idirlíon ina dhlúthchuid den saol againn anois. Le cabhrú le daltaí dul i ngleic leis tá béim á chur ar shábháilteacht ar líne inniu ag múinteoirí na scoile. Más rud é go bhfuil breis eolais ag teastáil ó thuismitheoirí gheobhaidh siad eolas, comhairle agus achmhainní oideachais saor in aisce ar webwise.ie nó rte.ie

Bl.1 ag treabhadh leo

Tá Bliain 1 gnóthach i mbun foghlama ar líne an tseachtain seo sa rang Mata. Tá na scoláirí ag foghlaim conas CBL agus brabús céatadánach a ríomh. Cuireann an t-airgead an domhan ag damhsa!

GCPL ar líne

Beimid ag cur tús le ranganna ar líne maidin inniu (11 Eanáir) ar a 9:00. Mar eolas breise daoibh…

I mbliana den chéad uair i nGaelcholáiste Phort Láirge tá daltaí Bl.1 agus daltaí Bl.4 ag baint úsáide as gléas ríomhaireachta sa seomra ranga. This year for the first time in Gaelcholáiste Phort Láirge both First and Transition Year students are using a personal computer/device in the classroom and at home as part of their learning.

Faoin mbliain 2022 beidh ríomhaire in úsáid ag gach aon bhliainghrúpa sa scoil. All students in the school will have a device by 2022.

Tá dhá bhliain caite ag foireann na scoile ag traenáil chuige seo, rud a sheas go mór linn agus le daltaí na scoile le linn dúinn a bheith faoi dhianghlasáil anuraidh.