Author Archives: webadmin

An Brat Glas

Tar éis obair na gcapall a dhéanamh, bronnadh Brat Glas don téama “Uisce” ar an scoil. D’fhreastail ceathrar dár scoláirí ar an gceiliúradh i Hotel Kilkenny chun an brat a bhailiú ar son an Choiste Ghlais.

Geansaithe Nua Cispheile

Fóirne cispheile sóisearacha GCPL ag caitheamh geansaithe nua na scoile. Rinne Coiste na dTuismitheoirí urraíocht ar na geansaithe nua seo. D’eagraigh siad ócaidí cosúil le Tráth na gCeist agus Crannchur na Cásca chun an t-airgead a bhailiú. Gabhaimid buíochas libh as ucht bhur dtacaíochta. Táid ag féachaint go hiontach ina ngeansaithe nua agus táimid ag súil go mór le cluichí na bliana seo chugainn.

Aitheantas Acadúil Náisiúnta do Seachtar Scoláirí Ghaelcholáiste Phort Láirge san Ardteist 2022/ 7 Gaelcholáiste Students Get Leaving Cert. Academic Recognition at National Level 

Le déanaí tá Scoláireacht Iontrála gnóthaithe ag Cáit Ní Scinnéir, Ross Mac Caisín, agus Aodh Mac an Rothaich i UCD. Bhí Clara Ní Chuinneagáin in easnamh ón bpictiúr ach tá Scoláireacht Iontrála fachta aici chomh maith. Tá triúr eile ó Rang 2022 tar éis Scoláireacht a fháil le déanaí chomh maith: Chulainn Ó Mathúna- Ollscoil Mhá Nuad, Eoghain Ó Leathlobhair-Coláiste na Trionóide agus Jake Sionóid- Ollscoil Chorcaí.

Most recently Cáit Ní Scinnéir, Ross Mac Caisín & Aodh Mac an Rothaich received Scholar Entrance Awards from UCD for their high achievement in the Leaving Cert 2022, missing from the photo is Clara Ní Chuinneagáin. Three others from the class of 2022 were also recently awarded recognition from their respective universities for their high achievement in the Leaving Cert. 2022, Chulainn Ó Mathúna – Maynooth University, Eoghain Ó Leathlobhair – Trinity College and Jake Sionóid – UCC. Comhghairdeas leo!

Le Chéile is Fearr Sinn

Tháinig Meánscoil San Nioclás ar chuairt inniu agus bhí Tráth na gCeist agus Ceolchoirm againn i dteannta a chéile. Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil le Tomás Ó Gealbháin, Darren Ó Droma agus an Ceoltóir Cáiliúil Caoimhin Ó Fearghaíl (Ceoltóir na Bliana RTÉ) a chas ceol iontach. Deis iontach a bhí ann dár gceoltóirí féin cúpla port a sheinnt le ceoltóirí cumasacha na Rinne agus ón Sean Phobal.

Feachtas

Bhí bronnadh oifigiúil againn ar scoil inniu don chun aitheantas a thabhairt do cheathrar dár scoláirí a tháinig sa triú háit i gCraobh na hÉireann i gComórtas Thráth na gCeist a bhíonn á reachtáil ag Feachtas.

Ceolchoirm

Bhí lá iontach ceoil againn ar scoil inniu chun críoch a chur le Ceiliúradh na Gaeilge 2023. Bhí sé i gceist againn ár gceolchoirm inscoile a bheith againn Dé Céadaoin seo caite ach bhí orainn é a chur siar de bharr na haimsire. Tá ardmholadh tuillte ag na scoláirí go mór mhór scoláirí ón 3ú Bliain a chan leagan iontach d’Amhrán na nGael.

Beatha Teanga í a Labhairt

Bhí Mollaí Nic Eochaidh ag taifead agallaimh ar líne inniu dá clár raidió “Abair Amach É” a bhíonn ar WLR gach oíche Satharn. Bhí agallamh iontach aici le triúr ón gCúigiú Bliain maidir leis an saol anseo sa Ghaelcholáiste agus na buntáistí a bhaineann le scolaíocht trí mheán na Gaeilge. Beidh an clár á chraoladh ar WLR óna 9-10 óiche Dé Satharn an 25ú Márta. Beidh amhráin agus ceol á chasadh ag scoláirí ón triú Bliain ar an gclár chomh maith.

Tráth na gCeist

Comhghairdeachas leis na scoláirí ar fad a bhuaigh duaiseanna i gcomórtas inscoile de Thráth na gCeist a bhí á reachtáil ag Scoláirí na hIdirbhliana mar pháirt do Cheiliúradh na Gaeilge 2023.