Comhghairdeas le scoláirí Gaelcholáiste Phort Láirge a bhain amach Teastas Gnóthachtála na Sraithe Sóisearaí. Tugann an teastas seo aitheantas do na torthaí a bhain na scolairí amach i scrúdú an Teastais Shóisearaigh 2019, aiseolas maidir leis an measúnú rangbhunaithe agus cur síos ar réimsí agus eispéireas foghlama éagsúla an scoláire féin le linn trí bliana na sraithe sóisearaí.
Author Archives: LPOGCPL
Séasúr an Chairdis
Tá Seachtain Dea-Thola fé lán seoil agus scoláirí na scoile uilig páirteach i ngníomhaíochtaí dearfacha éagsúla an tseachtain seo. Go dti seo, cuireadh béim sna ranganna OSPS ar an mbaol a bhaineann le híomhánna a roinnt ar na meáin shóisialta. Molaimid do thuismitheoirí a bheith de shíor ag déanamh comhrá lena bpáistí faoin gcineál cumarsáide á dhéanamh acu ar na meáin. Tá eolas do thuistí faoi shábháilteacht idirlín ar fáil ar shuíomh Webwise.ie. Ar an Deardaoin chuaigh daltaí na scoile ag scátáil oighir.
Dámhachtainí Scoláireachta
Seas an Fód 2019
Ghlac scoláirí agus múinteoirí na scoile páirt i ‘Seas an Fód 2019’. Seachtain fheasachta a bhí ann ar imeascadh an phobal LADT+, agus conas dul i ngleic le cúrsaí bulaíochta agus leithcheal a fhulaingíonn siad fós. Molaimid iad as an dtacaíocht agus an fuinneamh dearfach a léirigh siad i rith na seachtaine.
Eolaí Óg 2020
Bíonn Siúlach Scéalach
Thug daltaí de chuid Collège André Boutry in Lurcy-Lévis, na Fraince cúairt ar Ghaelcholáiste Phort Láirge an tSeachtain seo. Bhain ár ndaltaí féin idir taitneamh agus tairbhe as am a chaitheamh i bhfochair leo. Ar maidin d’eagraigh ár ndaltaí tráth na gceist dóibh, idir sos agus lón bhí imeachtaí agus cluichí agus san iarnóin thugamar blaiseadh dár gcultúr dóibh le ceolchoirm.
Ranganna Ceardaíochta
Bhí Bliain a 2 an-ghnóthach le dhá Déardaoin anuas agus iad i mbun obair ceardaíochta feilte leis an gceardaí Paulina ó Woolly Crafts. Bhain siad an-sult as. Tá sár-obair déanta acu. Beidh a gcuid scileanna bróidnéireachta le feiscint amach anseo agus iad ag cur feabhas fós ar na dearaí seo.
Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil le Paulina ó ‘Woolly Crafts’ agus le Sian agus Rebecca i mbl.5.
seachtain na Sláinte 2019
Bhí Seachtain na Sláinte againn sa scoil idir an 21ú agus an 25ú Deireadh Fómhair 2019. Bhí seisiún cócaireachta ag bliainghrúpaí difriúla leis an múinteoir eacnamaíocht bhaile. Thug an traenálaí Harley Barnes cuairt ar an scoil agus rinne sé rang aclaíochta leis na daltaí agus thug Bliain 1 cuairt ar GIY Ard Chaoin agus rinne siad ceardlann cócaireactha ann.
Chomh maith le sin ar an gcéadaoin labhair Shane O’ Sullivan faoi chúrsaí meabhairshláinte agus bhí caoineoga ar díol ag bl.4. Sna ranganna Mata d’fhoghlaim na daltaí conas innéacs corpmhaise (BMI) a ríomh. Ar an Déardaoin bhain bl.5/6 an chéad áit amach i gComharc na gCór leis an amhrán ‘Aonach Bhearna na Gaoithe’.
Ba mhaith linn ár mbuiochas a ghabháil le gach éinne a chabhraigh linn i rith na seachtaine ina measc, GIY, Shane O’Sullivan, Harley Barnes agus C.L.G Baile Mhic Gunnair agus dar ndóigh na múinteoirí go léir a ghlac páirt in imeachtaí.
Is fearr an tsláinte ná na táinte mar a deir an seanfhocal!
Seachtain na Matamaitice
Bhí Seachtain na Matamaitice faoi lán seoil i nGaelcholáiste Phort Láirge an tseachtain seo. Bhain scoláirí agus muínteoirí an-sásamh as puzail a réiteach le scoláirí na hidirbhliana. D’fhreastal roinnt scoláirí ar léacht suimiúil i WIT agus ghlac scoláirí eile páirt I dTóraíocht Taisce na Mata.
Seachtain spraiúil agius uimhriúil a bhí ann!



























