Author Archives: webadmin

Scoláireacht Uile-Éireann JP Mac Manus

Comhghairdeachas ó chroí lenár n-iarscoláire Jake Sinóid. Bronnadh Scoláireacht Uile-Éireann JP Mac Manus ar Jake ar an Satharn 16 Meán Fómhair in aitheantas ar ardghnóachtáil san Ardteist 2022. Tá Jake ina mhac léinn ar an Dlí & Gnó i UCC faoi láthair.

Gleann Áine

Bhí lá iontach ag Scoláirí na hIdirbhliana agus ár gcuairteoirí ón Spáinn i nGleann Áine inniu agus ní raibh an aimsir ró-olc ach an oiread-An rud is annamh is iontach!!

Oíche Cheiliúrtha Bliain 6

Thánaig pobal an Ghaelcholáiste le chéile chun slán a fhágáil le Bliain 6 an Déardaoin seo caite le searmanas álainn ceolmhar i Séipéal Naomh Muire, Baile Gunnair. Ócáid ab ea é chun na blianta a chaith na scoláirí sa Ghaelcholáiste a cheiliúradh. Oíche iontach a bhí ann. Guíonn an scoil gach rath ar na scoláirí sna scrúduithe stáit agus sna blianta atá amach rompu.

Bronnadh Gradam 2023

Agus deireadh na scoilbhliana buailte linn anseo sa Ghaelcholáiste bhí ócáid faoi leith againn i Séipéal Naomh Muire, Baile Gunnair agus ceolchoirm ar scoil chun imeachtaí na bliana a cheiliúradh. Bronnadh roinnt Gradam ar scoláirí blianta 1, 2, 3 agus 5.

Aithnítear go bhfuil tábhacht faoi leith ag baint le hardú meanman agus misnigh agus tuigimid go bhfuil aitheantas faoi leith tuillte ag cuid mhaith scoláirí.

Bronnadh gradam do Ghaeilgeoir na Bliana ar scoláire amháin ó gach rang agus Bronnadh Scoláire na Bliana ar scoláire amháin ó gach rang. Bronnadh Teastais Tinrimh, Teastais Iompair agus Teastais  d’aon Éacht Seach-Churaclaim Thar na Bearta ar scolairí na scoile chomh maith.

Comhghairdeachas libh ar fad agus bíodh samhradh iontach agaibh.

Ní bhíonn in aon rud ach seal

Tá deireadh na scoilbhliana buailte linn agus tá scoláirí na hIdirbhliana ag súil go mór leis na laethanta saoire. Tá súil againn go mbeidh samhradh iontach agus guímid gach rath orthu agus iad ag tabhairt faoin gCúigiú Bliain tar éis an tSamhraidh.