Féile na Samhna á ceiliúradh ag scoláirí agus múinteoirí an Ghaelcholáiste.
Author Archives: webadmin
Slán fágtha ag Bl.6 le Gaelcholáiste Phort Láirge
Tháinig daltaí na hArdteiste agus foireann na scoile le chéile ag deireadh na bliana le slán a fhágail lena chéile. Bronnadh scoláire na Bliana ar Sian Ní Fhoghlú. Ba mhaith linn buíochas a ghabháil lenár múinteoir ceoil, Bríd Ní Chuirtín as ucht a cuid oibre go léir ar lá. Bíonn dea-thoradh ar obair chrua agus guímid gach rath, ádh agus misneach ar an ngrúpa amach anseo. Braithimid uainn go mór iad.



Gradam Gaisce bainte amach ag daltaí na hIdirbhliana
Chuaigh Daltaí na hIdirbhliana ag rothaíocht ar an Rian Glas le déanaí agus bhaineadar an taitneamh as. Mar chuid den chlár ‘Gaisce’ chuadar ó Ché Phort Láirge go Cill Mhic Thomáisín agus thar n-ais. Comhghairdeas ó chroí leo.
Ní mar mhagadh iad.



Daltaí na hIdirbhliana ar an Rianghlas
Daltaí na hIdirbhliana ag baint taitneamh as siúlóid ar an rianghlas le déanaí.



Faoi Lán Seoil
Guímid gach rath ar daltaí na scoile idir seo agus laethanta saoire an tsamhraidh. Bhí sé go hiontach daltaí bl.1, 2, 3 agus 4 a fheisicint ar maidin. Uireasa a mhéadaíonn cumha.




Sábháilteacht ar líne
Mar is eol do phobal na scoile tá an t-idirlíon ina dhlúthchuid den saol againn anois. Le cabhrú le daltaí dul i ngleic leis tá béim á chur ar shábháilteacht ar líne inniu ag múinteoirí na scoile. Más rud é go bhfuil breis eolais ag teastáil ó thuismitheoirí gheobhaidh siad eolas, comhairle agus achmhainní oideachais saor in aisce ar webwise.ie nó rte.ie


Bl.1 ag treabhadh leo
Tá Bliain 1 gnóthach i mbun foghlama ar líne an tseachtain seo sa rang Mata. Tá na scoláirí ag foghlaim conas CBL agus brabús céatadánach a ríomh. Cuireann an t-airgead an domhan ag damhsa!

GCPL ar líne
Beimid ag cur tús le ranganna ar líne maidin inniu (11 Eanáir) ar a 9:00. Mar eolas breise daoibh…
I mbliana den chéad uair i nGaelcholáiste Phort Láirge tá daltaí Bl.1 agus daltaí Bl.4 ag baint úsáide as gléas ríomhaireachta sa seomra ranga. This year for the first time in Gaelcholáiste Phort Láirge both First and Transition Year students are using a personal computer/device in the classroom and at home as part of their learning.
Faoin mbliain 2022 beidh ríomhaire in úsáid ag gach aon bhliainghrúpa sa scoil. All students in the school will have a device by 2022.
Tá dhá bhliain caite ag foireann na scoile ag traenáil chuige seo, rud a sheas go mór linn agus le daltaí na scoile le linn dúinn a bheith faoi dhianghlasáil anuraidh.
Séasúr an Chairdis 2020
Tá Séasúr an Chairdis fé lán seoil le coicís anuas i nGaelcholáiste Phort Láirge agus scoláirí na scoile uilig páirteach i ngníomhaíochtaí dearfacha éagsúla na coicíse. I rith na coicíse d’eagraigh daltaí na hIdirbhliana tráth na gceist agus tóraíocht taisce do dhaltaí bl.1 agus 2.
Bailiúchán Airgid ar son ‘Focus Ireland’ agus Bailiúchán Bídh ar son ‘Naomh Uinseann de Pól’
D’eagraigh daltaí na hIdirbhliana ‘lá geansaí Nollag’ le déanaí ar son ‘Focus Ireland’. Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil le gach éínne a ghlac páirt sa lá. Ina theannta san bhí comhairle na ndaltaí agus daltaí na scoile páirteach i mbailiúchán bídh ar son Naomh Uinseann de Pól. Ar an 11 Nollaig ghlac daltaí na scoile páirt i siúlóid Urraithe 1,000km ar son Naomh Uinseann de Pól agus bhailíodar breis is €200 don charthanacht céanna. Ní mar mhagadh iad!






1,000 km ar son Naomh Uinseann de Pól
Beidh daltaí na scoile ag glacadh páirte i bhfeachtas de chuid WLR FM ar son Naomh Uinseann de Pól i mbliana. Mar a deir an seanfhocal ‘ Is móide is beannaithe bheith ag tabhairt uait ná ag bailiú chugat’.
Is féidir le daoine tacú leis an bhfeachtas anseo: https://www.justgiving.com/fundraising/gaelcholaistephortlairge?newPage=True





